peoplepill id: piaras-mac-gearailt
PMG
Ireland
4 views today
4 views this week
Piaras Mac Gearailt
Irish poet

Piaras Mac Gearailt

The basics

Quick Facts

Intro
Irish poet
Places
Work field
Gender
Male
Death
The details (from wikipedia)

Biography

Saolaíodh Piaras Mac Gearailt (1709? – 1795) i mBaile Uí Chionnfhaolaidh, i bparóiste Chill Modhomhnóg in oirthear Chorcaí. Bhí gustal ag a mhuintir tráth ach is beag de sin a bhí fágtha nuair a fuair Piaras sealúchas a shinsear. D’iompaigh sé ina Phrotastúnach le greim a choinneáil ar an sealúchas sin, rud a ghoill go mór air. B’annamh a théadh sé chun an teampaill. Chum sé an liodán ‘Tréithe na Maighdine Muire’ mar chúiteamh ar an bhfaillí a bhí déanta ag an gcreideamh gallda i máthair Chríost, dar leis. Maireann cúig aisling pholaitiúil leis ach is sé an dán seacaibíteach ‘Rosc Catha na Mumhan’ is mó a tharraing cáil air.

Bhí aithne aige ar a lán filí eile: Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Donnchadh Rua Mac Conmara, Éamonn de Bhál, Seán Clárach Mac Domhnaill agus eile. Thugtaí ‘Ard-Sirriam Leithe Mogha’ air, agus chaith sé caoga bliain ina cheann comhairle ar Chúirt na mBúrdún, cúirt filíochta a thionóltaí ina theach féin. Sa bhliain 1791 thug sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dá chomhfhile, Éamonn Ó Flaithbheartaigh. Faoin am sin bhí sé ina chónaí in aice lena iníon phósta i gContae Phort Láirge. Cuireadh é i mBaile Mhac Óda timpeall na bliana 1795.

Nótaí

  1. Ó Foghludha, 1905; Ó Cróinín, 2007
  2. Ó Foghludha, 1905
  3. Ó Conchúir, 1982

Tagairtí

Tá an t-alt seo bunaithe ar alt le Ciarán Ó Gealbháin: ‘Piaras Mac Gearailt, Máire Ní Dhonnagáin agus ’Bata na Bachaille’ in Iarthar Déise’. An Linn Bhuí, 2011 (eagrán 15), lgh 167-73.

Féach freisin
  • Ó Conchúir, B.. Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1982.
  • Ó Cróinín, B.. ‘Filíocht Sheacaibíteach Phiarais Mhic Gearailt’ in Eighteenth Century Ireland / Iris an Dá Chultúr 22 (2007): 164-88.
  • Ó Foghludha, R.. [Fiachra Éilgeach] eag. Amhráin Phiarais Mhic Gearailt. Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1905.
The contents of this page are sourced from Wikipedia article. The contents are available under the CC BY-SA 4.0 license.
Lists
Piaras Mac Gearailt is in following lists
comments so far.
Comments
From our partners
Sponsored
Piaras Mac Gearailt
arrow-left arrow-right instagram whatsapp myspace quora soundcloud spotify tumblr vk website youtube pandora tunein iheart itunes