Biography
Lists
Also Viewed
Quick Facts
Places | Ireland Northern Ireland United Kingdom | |
is | Writer | |
Work field | Literature | |
Gender |
| |
Profiles | ||
Birth | Derry, Derry City and Strabane, Northern Ireland, United Kingdom |
Biography
Is údar, file, agus iarchime poblachtach as Cathair Dhoire é Eoghan “Gino” Mac Cormaic.
Chaith sé cúig bliana déag i bpríosún, ó 1976 go 1991, na blianta 1976–1981 i mbun agóide sna Blocanna H sa Cheis Fhada. In éindí leis na céadta cime eile, dhiúltaigh sé éadaí an phríosúin a chaitheamh ná obair an phríosúin a dhéanamh, ag iarraidh stádas mar chimí polaitiúla a bhaint amach.
Bhí sé ag obair leis an eagraíocht Glór na nGael idir 2005 agus 2023 mar leascheannaire agus bainisteoir for-rochtana. Bhí sé gníomhach freisin ag forbairt cluichí boird éagsúla as Gaeilge.
Ceapadh é ar Bhord Fhoras na Gaeilge in 2006 agus bhí sé ina leaschathaoirleach idir 2007 agus 2015.
Sa bhliain 2022, d'fhoilsigh Mac Cormaic leabhar cuimhní cinn ar an tréimhse a chaith sé “ar an phluid”. Bronnadh an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais ar an leabhar.
Leabharliosta
- Caibín an Phápa, Coiscéim, 1992 (úrscéal greannmhar)
- Cúpla Míle Ceist, Glór na nGael, 2006 (tráth na gceist)
- Nodanna Don Eolach, Glór na nGael, 2007 (leabhar crosfhocal)
- On the Blanket: An A to Z of Prison Resistance, An Fhuiseog, 2022
- Pluid: Scéal na mBlocanna H 1976–1981, Coiscéim, 2022
- Macallaí Cillín: Dánta Príosúin 1982–1991, Coiscéim, 2023